Tugann 4,000 duine, beagnach, a dtuairimí ar thosaíochtaí póilíneachta

10 June 2025

Ghlac breis agus 3,790 duine páirt i gcomhairliúchán ar líne chun a dtuairimí a chur in iúl ar na réimsí póilíneachta a gcreideann siad gur cheart don Gharda Síochána díriú orthu.

Sa suirbhé, iarradh ar dhaoine den phobal a chur in iúl cé na réimsí póilíneachta ar mhaith leo go dtabharfaí tús áite dóibh sna trí bliana atá le teacht chun cabhrú le pobail a mhothú go bhfuil siad níos sábháilte.

Foilseofar na torthaí ar an gcomhairliúchán amach sa bhliain.

Ar fud an fheachtais sé seachtaine, chuala an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail ó na mílte daoine den phobal, ó na céadta gardaí agus ó na scórtha eagraíochtaí pobail ó áiteanna ar fud na hÉireann.

Thaistil baill den Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail chuig gach rannán den Gharda Síochána sa tír chun tuairimí na ndaoine sin atá ar seirbhís i stáisiúin agus ar an túslíne a chloisteáil.

A man gives a speech on a stage to a room full of people

Chomh maith leis sin, chuir an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail ceithre imeacht phearsanta ar siúl le geallsealbhóirí i mí na Bealtaine. Cuireadh ar siúl iad i gCora Droma Rúisc, i gCluain Meala, i dTulach Mhór agus i lár cathrach Bhaile Átha Cliath.

Gabhaimid buíochas le gach duine a ghlac páirt sa chomhairliúchán agus a thug a gcuid ama agus a gcuid tuairimí ar na tosaíochtaí póilíneachta.