Bhuail an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail le Justin Kelly, Coimisinéir nua an Gharda Síochána, agus le hoifigigh shinsearacha go poiblí in Óstán Chaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath.
I dtús an chruinnithe, tharraing an Coimisinéir Kelly aird ar an bhfeachtas earcaíochta is déanaí de chuid an Gharda Síochána.
Thug sé breac-chuntas ansin ar an bhfís agus an uaillmhian atá aige don Gharda Síochána le linn a théarma cúig bliana.
Ar na míreanna eile a pléadh bhí Póilíneacht ar Bhóithre agus Feidhmíocht Póilíneachta.
Tá an cruinniú ar fáil le hamharc air anseo ar chainéal an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail ar YouTube.
Beidh an chéad chruinniú poiblí eile idir an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail agus Coimisinéir an Gharda Síochána ar siúl i Loch Garman an 27 Samhain.