Athbhreithniú ar mholtaí maidir le cur i gcoinne bhagairt an éillithe inmheánaigh

24 February 2026

Tá athbhreithniú déanta ag an Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) ar na moltaí a rinneadh i dTuarascáil na bliana 2020 ó Chigireacht an Gharda Síochána dar teideal ‘Countering the Threat of Internal Corruption’.

Tugtar aitheantas dearfach ann don dul chun cinn atá déanta ag an nGarda Síochána i roinnt réimsí, go háirithe maidir le hAonad Frith-Éillithe an Gharda Síochána (GACU) a bhunú agus a acmhainniú, maidir le beartais a thabhairt isteach lena dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le hanúsáid cumhachta chun críche gnéasaí, maidir le sainmhíniú a thabhairt ar cad is brí le teorainneacha gairmiúla, agus maidir le toirmeasc a chur ar ghlacadh le bronntanais ó fhoinsí faisnéise daonna faoi cheilt (CHISeanna).

Tá roinnt dul chun cinn déanta freisin i réimse an ghrinnfhiosrúcháin inseirbhíse agus i réimse na tástála mí-úsáide substaintí inseirbhíse, ach ní bheifear in ann tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh orthu sin murach reachtaíocht.

Is cleachtais chaighdeánacha i seirbhísí póilíneachta i ndlínsí eile iad pearsana póilíneachta a ghrinnfhiosrú ar bhonn leanúnach agus tástáil randamach a dhéanamh orthu le haghaidh drugaí nó alcóil. Mar sin, is cúis iontais í an mhoill ar an méid sin a chur chun feidhme in Éirinn.

Tuarascáil PCSA – Cur i gCoinne Bhagairt an Éillithe Inmheánaigh

Fuarthas amach san athbhreithniú nach bhfuil beartas glactha ag an nGarda Síochána go fóill ná nach bhfuil an teicneolaíocht forbartha aige go fóill chun go mbeifear in ann faireachas a dhéanamh chun mí-úsáid a chóras TF a chosc agus a bhrath.

Tá ábhair imní ann fós maidir lena éifeachtaí atá an Beartas maidir le Bronntanais, Fáilteachas agus Urraíocht. Rud dearfach is ea go bhfuil laghdú tagtha ar an líon pearsana atá ag glacadh le bronntanais alcóil, cé go bhfuiltear ag glacadh fós le bronntanais den sórt sin mar chuid d’obair cruinnithe airgid.

Mar sin féin, ní bhíonn bronntanais, fáilteachas ná urraíocht a fhaightear á dtaifeadadh agus á bhfoilsiú go cuí. Bíonn oifigigh shinsearacha agus baill foirne is gardaí ag ceadú glacadh le bronntanais atá de shárú ar an mbeartas.

Seoladh suirbhé mar chuid d’athbhreithniú PCSA chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal tuisceana ar riosca an éillithe i measc líon beag rannán de chuid an Gharda Síochána agus i measc dhá ghrúpa oiliúnaithe. I measc na bhfionnachtana, fuarthas amach go dtuairisceodh 96% de fhreagraithe éagóiritheoireacht agus go dtacódh 83% díobh le grinnfhiosrúchán inseirbhíse.

Cé gur dul chun cinn suntasach é cur chun feidhme iomlán nó páirteach 19 moladh, tá sé ríthábhachtach leanúint de na moltaí atá fágtha a chur chun feidhme chun dearbhú a thabhairt do na geallsealbhóirí uile go bhfuil tús áite á thabhairt fós do dhéileáil le bagairt an éillithe laistigh den Gharda Síochána ar gach leibhéal ar fud na heagraíochta.

Príomhtheachtaireachtaí:

De na 34 mholadh i dtuarascáil na bliana 2020, tá 56% curtha chun feidhme nó curtha chun feidhme go páirteach.

Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le hAonad Frith-Éillithe an Gharda Síochána a bhunú agus maidir le beartais a thabhairt isteach maidir le hanúsáid cumhachta chun críche gnéasaí, maidir le teorainneacha gairmiúla, agus maidir le toirmeasc a chur ar ghlacadh le bronntanais nó le fáilteachas ó fhoinsí faisnéise daonna faoi cheilt (CHISeanna).

Léiríodh i suirbhé a seoladh ar ghardaí go dtuairisceodh 96% díobh éagóiritheoireacht agus go dtacódh 83% díobh le grinnfhiosrúchán inseirbhíse.

Tá tástáil mí-úsáide substaintí i bhfeidhm d’iarratasóirí nua ar an nGarda Síochána, ach níl sí i bhfeidhm fós do phearsanra atá ag fónamh, rud a bhfuil reachtaíocht ag teastáil ina leith.

Tá reachtaíocht ag teastáil freisin chun grinnfhiosrúchán inseirbhíse a chumasú.

Is de shárú ar an mbeartas atá breis agus 50% de na bronntanais agus den fháilteachas a nglactar leo le ceadú ó Ard-Cheannfoirt, ó Phríomhoifigigh agus ó phearsana atá ag céim níos airde fós. Áiríodh leo sin ticéid le haghaidh ceolchoirmeacha popcheoil agus imeachtaí spóirt.

Ag labhairt di faoin tuarascáil, dúirt Elaine Byrne, Cathaoirleach PCSA:

“I bhfianaise na gcumhachtaí atá ag na póilíní agus i bhfianaise chineál na hoibre a dhéanann siad, is gné de sheirbhísí póilíneachta i ngach dlínse í an fhéidearthacht go dtiocfadh éilliú chun cinn.

“Aithníonn an Garda Síochána go bhfuil sé sin fíor in Éirinn freisin, agus tá roinnt athruithe suntasacha déanta aige le blianta beaga anuas chun bagairt an éillithe a chosc.

“Léirítear inár n-athbhreithniú go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta, agus b’fhéidir gurb é an dul chun cinn is tábhachtaí ná an frith-éilliú a normalú mar réimse riachtanach dírithe don phearsanra ar fad.

“Ábhar mór imní atá agam is ea an easpa reachtaíochta le haghaidh gnáth-ghrinnfhiosrú inghairme agus gnáth-thástáil drugaí inghairme a dhéanamh ar bhonn leanúnach agus mar ghnáthamh – ceapaim go bhfuil siad sin ina ngnéithe de sheirbhís póilíneachta nua-aimseartha a mbeadh an pobal a bheith ag súil leo, agus ceart aige.”

Pléifear an tuarascáil ag cruinniú poiblí na seachtaine seo idir an tÚdarás agus Coimisinéir an Gharda sa Grand Hotel i Mullach Íde Déardaoin an 26 Feabhra ag 2.30pm.