
Foilsíonn an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) an chéad Ráiteas Straitéise uaidh (an Straitéis) inniu mar aon le dhá dhoiciméad tacaíochta, mar atá Plean Iniúchta 2026 ó PCSA agus forbhreathnú ar Phlean Gnó PCSA don bhliain 2026.
Leagtar amach sa Straitéis ár gcuspóir foriomlán chun formhaoirseacht agus measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an nGarda Síochána chun a chinntiú gurb éifeachtach, comhsheasmhach agus cóir a bhíonn na seirbhísí póilíneachta a sholáthraítear do gach pobal. Chun an méid sin a bhaint amach, leagtar amach sa straitéis ceithre chuspóir straitéiseacha don tréimhse 2026-2028:
Formhaoirseacht Chomhsheasmhach agus Measúnacht Neamhspleách a Sholáthar;
Sábháilteacht Pobail a Chothú agus a Chur Chun Cinn;
A Bheith inár nGuth Inchreidte, Iontaofa, agus Saineolach ar an bPóilíneacht; agus
A Bheith inár nEagraíocht Dhea-Reáchtáilte agus Éifeachtach.
PCSA Strategy Statement 2026-2028_Gaeilge
Soláthraítear sa Straitéis na príomhghníomhartha a dhéanfaimid chun na cuspóirí sin a bhaint amach, mar aon leis na gníomhartha a dhéanfaimid chun ár ndualgais earnála poiblí maidir le cearta an duine agus le sábháilteacht pobail a chomhlíonadh.
Tá plean gnó mionsonraithe mar bhonn agus thaca ag an Straitéis, agus foilsíodh forbhreathnú ar an bplean gnó sin freisin. Leagtar amach inti na gníomhartha atá beartaithe againn don bhliain 2026, lena n-áirítear:
Formhaoirsiú cuimsitheach a dhéanamh ar imscrúduithe dúnmharaithe, ar phóilíniú leanaí agus daoine óga, ar phóilíniú ar na bóithre, agus ar fhreagairtí d’fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe;
Bualadh go fairsing le grúpaí pobail agus le geallsealbhóirí chun a n-eispéiris leis an bpóilíneacht agus leis an tsábháilteacht pobail a thuiscint;
Ár gcumas taighde agus sonraí a fhorbairt; agus
Ár gcumas um chearta an duine a fhorbairt.
Gné ríthábhachtach dár bhformhaoirsiú ar an nGarda Síochána is ea obair iniúchta PCSA, agus gabhaimid orainn féin tabhairt faoi cheithre iniúchadh sa bhliain 2026. Mionsonraítear iad sin sa Phlean Iniúchta 2026 uainn, ar doiciméad reachtúil a foilsíodh inniu freisin é. Mar achoimre, déanfaimid iniúchadh ar na nithe seo a leanas i mbliana:
Nósanna Imeachta an Gharda Síochána maidir le Láimhseáil Glaonna agus Freagairt ar Theagmhais – ‘Réiteach gan Imscaradh’ a úsáid;
Bainistíocht riosca nuair atáthar faoi choimeád an Gharda Síochána;
Póilíniú coinníollacha bannaí ag an nGarda Síochána; agus,
Bainistíocht agus stóráil samplaí bitheolaíocha ag an nGarda Síochána.
Ag labhairt di faoi sheoladh na dtrí dhoiciméad sin, dúirt Elaine Byrne, Cathaoirleach PCSA:
“Ócáid thábhachtach do PCSA is ea seoladh ár gcéad Straitéise, an Phlean Iniúchta reachtúil, agus an fhorbhreathnaithe ar ár bPlean Gnó don bhliain 2026. Mionsonraítear sna doiciméid sin conas a dhéanfaimid ár gcuid oibre agus a chinnteoimid go mbeimid trédhearcach, oscailte agus cuntasach faoin dóigh a ndéanaimid an obair sin.
“Bhíomar i mbun caidreamh le roinnt geallsealbhóirí agus na doiciméid sin á ndearadh againn, rud a rinneamar tríd an gcomhairliúchán poiblí ar an Straitéis, i measc modhanna eile. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil arís leo sin a rinne caidreamh linn ar fud an phróisis sin.”
