Buaileann PCSA go poiblí le Coimisinéir an Gharda – Corcaigh

1 May 2026

Bhuail an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) le Justin Kelly, Coimisinéir nua an Gharda, go poiblí i Mainistir na Corann, Co. Chorcaí, Déardaoin an 30 Aibreán.

I dtús an chruinnithe in Ionad Pobail My Place, pléadh an phóilíneacht a rinneadh ar na hagóidí a rinneadh le déanaí maidir le praghsanna breosla.

Cuireadh ceisteanna faoi fhreagairt na ngardaí do na hagóidí, faoi leordhóthanacht a n-oiliúna agus a n-acmhainní, agus faoin imeaglú a rinneadh ar oifigigh.

Three women sit at a table in front of a purple banner

Cuireadh ceisteanna freisin ar an gCoimisinéir agus ar na hoifigigh shinsearacha maidir leis na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le póilíneacht i gContae Chorcaí, agus maidir le tionchar na póilíneachta ard-infheictheachta.

Ag deireadh an chruinnithe, scrúdaíodh an fhreagairt don fhoréigean baile i gceantar tuaithe na hÉireann.

Díríodh sna ceisteanna ar na leibhéil tearcthuairiscithe maidir le mí-úsáid, ar an tábhacht a bhaineann leis an gcéad teagmháil le híospartaigh, agus ar a leordhóthanaí atá oiliúint na ngardaí chun déileáil le cásanna den sórt sin.

Five senior police officers sit at a table in front of a purple banner

Sa mhí atá imithe thart, bhuail baill foirne PCSA agus comhaltaí an Údaráis le gardaí áitiúla agus le heagraíochtaí pobail ar fud Chontae Chorcaí chun éisteacht lena n-eispéireas leis an bpóilíneacht agus le bheith dá bpóilíniú.

Tionólfar an chéad chruinniú eile idir PCSA agus Coimisinéir an Gharda go príobháideach Déardaoin an 28 Bealtaine.

Tionólfar an chéad chruinniú poiblí eile i mBaile Átha Cliath Déardaoin an 26 Meitheamh.