Foilsíonn PCSA measúnú ar chur chun feidhme na moltaí ó Athbhreithniú an Gharda Síochána ar Dhúnbhású

25 June 2026

D’fhoilsigh an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag an nGarda Síochána maidir le cur chun feidhme na moltaí ón Athbhreithniú ar Dhúnbhású.

Rinne Foireann Athbhreithnithe thiomnaithe um Imscrúduithe Dúnbhásaithe (HIRT) laistigh den Gharda Síochána an tAthbhreithniú idir na blianta 2017 agus 2019, arna iarraidh sin don Údarás Póilíneachta, tar éis saincheisteanna a bhain le haicmiú básanna tobanna agus dúnbhásuithe do theacht chun cinn sa bhliain 2017. Ba é a bhí i gceist leis an Athbhreithniú ná go ndearnadh athbhreithniú piaraí neamhspleách ar 41 chás ón tréimhse 2013-2015, agus sainaithníodh 21 mholadh ann.

Fuarthas amach sa mheasúnú ó PCSA go bhfuil 15 cinn den 21 mholadh a rinneadh san Athbhreithniú ón HIRT curtha chun feidhme, agus nach bhfuil sé mholadh curtha chun feidhme go hiomlán go fóill.

Fuarthas sa mheasúnú go ndearnadh feabhsuithe soiléire ar bheartas, oiliúint agus cleachtas iomchuí sa dóigh a ndéanann an Garda Síochána dúnbhásuithe agus básanna amhrasacha a imscrúdú agus a aicmiú.

Tá feabhas tagtha ar cháilíocht na sonraí freisin agus tá modhanna soiléire ann trína ndéantar gach cás nó gach imscrúdú a bhainistiú agus a mhaoirsiú. Tá sé sin le feiceáil go háirithe i Rannáin de chuid an Gharda Síochána inar cuireadh an Córas Bainistíochta Imscrúdaithe i bhfeidhm.

Chuir príomh-gheallsealbhóirí laistigh den Gharda Síochána agus príomh-gheallsealbhóirí lasmuigh den Gharda Síochána araon in iúl gur baineadh feabhsuithe amach. Áirítear leo sin Cróinéirí, Oifig an Phaiteolaí Stáit, agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

Baineann na moltaí nach bhfuil curtha chun feidhme leis an mbeartas maidir leis na catagóirí básanna, leis an gcaoi a bhfuil básanna nach coireanna iad le taifeadadh agus le rialú, le socruithe le haghaidh malartú sonraí leis an gcóras cúirteanna, agus le taifeadadh agus stóráil fianaise i Rannáin an Gharda Síochána.

Baineann na moltaí atá fós le cur chun feidhme le faisnéis a chomhroinnt leis an gcóras cúirteanna agus le saoráidí an Chórais Bainistíochta Maoine agus Foilseán (PEMS). Tá dul chun cinn sna réimsí sin tábhachtach, ach tá sé ag brath ar an obair a dhéanann comhlachtaí agus gníomhaireachtaí nach bhfuil mar chuid den Gharda Síochána.

Ag labhairt di faoi fhoilsiú an mheasúnaithe, dúirt Elaine Byrne, Cathaoirleach PCSA:

“Cuid ríthábhachtach d’fheidhm imscrúdaithe coireachta an Gharda Síochána is ea imscrúdú a dhéanamh ar dhúnbhásuithe agus ar bhásanna amhrasacha. Tá imscrúdú agus rialachas láidir ina gcuid ríthábhachtach de mhuinín an phobail as an bpóilíneacht agus de chearta an duine a chosaint agus a choimirciú.

“Sainaithnítear inár measúnú an obair shuntasach a rinne an Garda Síochána agus a bhain sé amach tar éis an Athbhreithnithe ar Dhúnbhású trí fheabhsuithe ar cháilíocht sonraí, ar oiliúint, agus ar mhaoirseacht agus rialachas imscrúduithe.

“Beidh an réimse sin fós mar dhíriú dár bhformhaoirsiú ar an bpóilíneacht, agus creidim go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfear na moltaí atá fágtha chun feidhme a luaithe is féidir.”