An chéad Tuarascáil Bhliantúil ón Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail

16 July 2026

D’fhoilsigh an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) an chéad Tuarascáil Bhliantúil uaidh inniu, ina leagtar amach an obair a rinneadh sa chéad bhliana ina raibh sé i mbun feidhme, inar cuireadh tús le ré nua san fhormhaoirsiú póilíneachta agus sa tsábháilteacht pobail in Éirinn.

Bunaíodh PCSA i mí Aibreáin 2025 agus is gníomhaireacht reachtúil neamhspleách é ar a bhfuil freagracht as formhaoirsiú a dhéanamh ar an nGarda Síochána. Is é an eagraíocht chomharba ar an Údarás Póilíneachta agus ar Chigireacht an Gharda Síochána é.

Tá sé mar chroíchuspóir ag PCSA formhaoirsiú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Gharda Síochána i dtaca le seirbhísí póilíneachta a sholáthar do phobail ar fud na hÉireann agus ar a chuid oibre le heagraíochtaí comhpháirtíochta chun sábháilteacht na bpobal sin a chinntiú.

Tá naonúr comhaltaí san Údarás agus faigheann sé tacaíocht ó fhoireann Feidhmiúcháin atá faoi stiúir Príomhfheidhmeannaigh.

Le linn na chéad bhliana dá chuid oibre:

  • Thionóil PCSA ocht gcruinniú le Coimisinéir an Gharda Síochána, lenar áiríodh ceithre cinn a tionóladh go poiblí, chun saincheisteanna amhail iompar agus araíonacht, agus póilíneacht ar bhóithre, a phlé;
  • Thug PCSA cuairt ar bhreis agus 50 ceann de stáisiúin agus de shainaonaid de chuid an Gharda Síochána ar fud na tíre chun bonn eolais a chur faoina chuid oibre formhaoirsithe;
  • D’fhorbair PCSA creataí nua cigireachta agus measúnaithe feidhmíochta;
  • Sheol PCSA mórchomhairliúchán poiblí maidir le bunú na dTosaíochtaí Póilíneachta, agus 3,794 aighneacht phoiblí á bhfáil aige;
  • D’fhoilsigh PCSA dhá mheasúnú ar fheidhmíocht póilíneachta; agus
  • D’fhorbair PCSA an chéad Ráiteas Straitéise uaidh don tréimhse 2026-28.

 

Dúirt Elaine Byrne, Cathaoirleach PCSA:

“Sa chéad bhliain ina raibh an tÚdarás i mbun feidhme, díríodh ar fhormhaoirsiú a neartú, ar chaidreamh a dhéanamh le pobail, agus ar na córais a thógáil a theastaíonn chun tacú le póilíneacht éifeachtach.

“A bhuí lenár gcaidreamh ar fud na bliana, fuarthas léargais luachmhara ar eispéiris agus ionchais daoine, rud a chuir bonn eolais faoinár gcuid oibre agus a mhúnlaigh í.

“Tá ríthábhacht ag baint leis na comhráite sin maidir le tacú le formhaoirsiú a dhéanamh ar sheirbhísí póilíneachta a bhfuil iontaoibh astu, atá freagrúil agus atá dírithe ar riachtanais an phobail.

“Leanfaidh PCSA le treisiú lena chigireachtaí, lena mheasúnú feidhmíochta, agus lena chaidreamh leis an bpobal sa bhliain 2026, agus é ag tacú le póilíneacht éifeachtach agus le pobail níos sábháilte ar fud na hÉireann.”

Tabhair cuairt ar pcsaireland.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail.