Chuir an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail an chéad chruinniú Údaráis poiblí dá chuid ar siúl i mBaile Átha Cliath

30 May 2025

Chuir an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail an chéad chruinniú Údaráis poiblí dá chuid ar siúl i mBaile Átha Cliath Déardaoin an 29 Bealtaine.

 

Phléigh comhaltaí den Údarás roinnt saincheisteanna póilíneachta leis an Leas-Choimisinéir Shawna Coxon, Coimisinéir Gníomhach an Gharda Síochána, agus le hoifigigh shinsearacha eile.

I dtús an chruinnithe, bhí nóiméad ciúnais ann i gcuimhne ar an nGarda Kevin Flatley, a maraíodh ag seicphointe tráchta i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine.

Tugadh ráitis achoimre tosaigh faoin gcoirpeacht eagraithe, faoin bpóilíneacht bóithre agus faoi imscrúduithe dúnbhásaithe.

Four senior gardaí seated at a table
Senior gardaí attend the meeting with the PCSA

Ba iad póilíneacht pobail, cosaint leanaí, agus iompar, araíonacht agus bainistíocht feidhmíochta an duine aonair na príomhthopaicí a pléadh.

Rinneadh sruthú beo ar an gcruinniú agus tá sé ar fáil le hamharc air ar chainéal an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail ar YouTube.

Cuirfear an chéad chruinniú poiblí eile ar siúl Déardaoin an 31 Iúil.