Fáiltíonn an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail roimh cheapadh an Leas-Choimisinéara Justin Kelly mar Choimisinéir an Gharda Síochána agus déanann sé comhghairdeas leis as a cheapachán.
Tar éis an fhógra, dúirt Elaine Byrne, Cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail: “Oibreoimid leis an gCoimisinéir Kelly ar ár sprioc chomhpháirteach maidir le seirbhís póilíneachta nua-aimseartha agus ghairmiúil a dtugann muintir na hÉireann tacaíocht di agus a bhfuil iontaoibh ag muintir na hÉireann inti a chinntiú.
“Ceann de na poist is tábhachtaí sa Stát is ea an fhreagracht as seirbhís póilíneachta atá éifeachtach, eiticiúil agus éifeachtúil a sholáthar, idir dhaoine a choinneáil slán ina dtithe agus dhul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe agus an tslándáil náisiúnta a chosaint.”
Cuirfear an chéad chruinniú poiblí a bheidh ag an gCoimisinéir Kelly leis an Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail ar siúl Déardaoin an 25 Meán Fómhair 2025.
Thug Elaine Byrne Uas. ómós do Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána atá ag dul as oifig, freisin.
Dúirt sí: “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Drew Harris as a cheannaireacht sa seacht mbliana atá imithe thart agus as an gcaoi mhaorga inar chomhlíon sé a fheidhmeanna mar Choimisinéir an Gharda Síochána. Guímid gach rath air féin agus ar a theaghlach sa todhchaí.”