
Tá Cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, Elaine Byrne, agus an Príomhfheidhmeannach, Helen Hall, ag freagairt ceisteanna os comhair Chomhchoiste an Oireachtais um Intleacht Shaorga i dTeach Laighean inniu.
Is féidir leat féachaint ar an gcruinniú anseo
Thosaigh ráiteas oscailte an PCSA ar an ábhar Dlí agus Cirt agus Forfheidhmiú an Dlí le cur síos ar ár ról i monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar úsáid na teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn ag an nGarda Síochána.
Dúirt an ráiteas a léigh an Cathaoirleach Elaine Byrne:
Maidin mhaith daoibh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an Choiste as an gcuireadh chun bualadh libh inniu. Is mise Elaine Byrne, Cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail. Tá Helen Hall, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, i mo theannta inniu.
Bunaíodh an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail ar an dara lá de mhí Aibreáin 2025 faoin Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024. Is sinne an comhlacht reachtúil neamhspleách atá freagrach as formhaoirsiú a dhéanamh ar an nGarda Síochána i ndáil le soláthar seirbhísí póilíneachta. Táimid comhdhéanta d’Údarás ina bhfuil naonúr comhaltaí, a fhaigheann tacaíocht ó fhoireann Feidhmiúcháin atá faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh, agus is sinne an eagraíocht chomharba ar an Údarás Póilíneachta agus ar Chigireacht an Gharda Síochána.
Tá sé mar chroíchuspóir againn formhaoirsiú agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Gharda Síochána i dtaca le seirbhísí póilíneachta a sholáthar do phobail ar fud na hÉireann.
Maidir le hintleacht shaorga agus teicneolaíochtaí éiritheacha eile a thabhairt isteach agus a úsáid sa phóilíneacht, aithnímid gur cúraimí atá ar an Oireachtas go príomha trí reachtaíocht tacaíochta a bhunú iad an creat dlíthiúil uileghabhálach agus na cinntí ríthábhachtacha maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart iad a úsáid agus maidir le conas iad a úsáid. Ina dhiaidh sin, is faoi Choimisinéir an Gharda, faoi Bhord an Gharda, faoin Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, agus faoin Rialtas i gcoitinne atá sé a chinneadh conas a thabharfar intleacht shaorga agus na teicneolaíochtaí sin isteach agus conas a thabharfar éifeacht oibríochtúil dóibh. Is trí chomhairle eolach a sholáthar maidir le nithe póilíneachta agus mar chomhairlí reachtúil a ghlacaimid páirt sa chuid sin den phróiseas.
Mar an comhlacht formhaoirsiúcháin neamhspleách, is é an príomhról atá againn sa réimse sin ná faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus úsáid na gcóras sin ag an nGarda Síochána agus é ag soláthar seirbhísí póilíneachta. Dá bhrí sin, is gníomh tosaíochta de chuid ár Straitéise don tréimhse 2026-2028 é grinnscrúdú a dhéanamh ar ghlacadh teicneolaíochtaí nua agus éiritheacha ag an nGarda Síochána chun a chinntiú go mbainfear úsáid chuí agus chomhréireach astu.
Sa chleachtas, leagfaimid béim lárnach ar an dóigh a bhfuil úsáid intleachta saorga comhsheasmhach le feidhmeanna reachtúla an Gharda Síochána agus le prionsabail phóilíneachta – eadhon:
Gur riachtanach, comhréireach agus dleathach atá úsáid intleachta saorga;
Go ndéanann úsáid intleachta saorga cearta an duine a chosaint agus a shuíomh agus nach sáraíonn sí iad go míchuí;
Go dtacaíonn úsáid intleachta saorga le riaradh éifeachtach an cheartais;
Go dtuigeann an pobal úsáid intleachta saorga agus go gcuirtear eispéiris an phobail san áireamh inti; agus,
Gur ar bhealach eiticiúil agus gairmiúil a úsáidtear intleacht shaorga.
Chomh maith leis sin, táimid ag coinneáil súil ghéar ar an taighde, na forbairtí agus an dea-chleachtas idirnáisiúnta sa phóilíneacht chun eolas a dhéanamh dár gcuid oibre.
Is ábhar ríthábhachtach don tsochaí é glacadh intleachta saorga san am i láthair agus san am atá le teacht, agus gach earnáil ag streachailt faoi láthair leis na buntáistí, na rioscaí agus na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann; is ceist í den chuid is mó faoi cén uair a thabharfar isteach í, seachas an dtabharfar isteach í.
Níl an phóilíneacht ina heisceacht.
Mar sin féin, is rud difriúil é breithniú a dhéanamh ar intleacht shaorga a úsáid i gcomhthéacs na póilíneachta i bhfianaise na cumhachta atá dílsithe do sheirbhísí póilíneachta. Go háirithe, ós rud é gur seirbhís náisiúnta póilíneachta agus seirbhís náisiúnta slándála araon é an Garda Síochána, is gá breithniú níos mó a dhéanamh ar na coimircí agus an rialachas a bhaineann le hintleacht shaorga a thabhairt isteach agus a úsáid.
Tá tús curtha cheana féin le glacadh intleachta saorga ag an nGarda Síochána agus is dóigh go ndéanfar é a éascú tuilleadh trí reachtaíocht nua agus reachtaíocht bheartaithe amhail Bille an Gharda Síochána (Feistí Taifeadta) (Leasú) agus reachtaíocht maidir le haghaidh-aithint bheo.

Aithnímid gurb amhlaidh is féidir le teicneolaíochtaí éiritheacha, lena n-áirítear intleacht shaorga, buntáistí suntasacha a bheith acu don phóilíneacht agus don tseirbhís a chuirtear ar fáil don phobal, lena n-áirítear íospartaigh na coireachta. Is féidir le teicneolaíocht éiritheach cabhrú le coireacht a chosc, a imscrúdú agus a bhrath. Is féidir léi rannchuidiú le heagraíocht an Gharda Síochána a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla freisin.
Tá sé tábhachtach a mheabhrú freisin gur féidir le daoine atá gafa le coiriúlacht agus leis na daoine sin atá ag iarraidh bagairt ar shlándáil ár stáit úsáid agus leas a bhaint as intleacht shaorga agus as teicneolaíocht éiritheach agus go bhfuil siad ag déanamh amhlaidh faoi láthair. Áirítear leis sin in amanna mífhaisnéis agus bréagfhaisnéis a scaipeadh, íomhánna mídhleathacha a chruthú, agus gníomhaíocht fhorleathan cibearchoireachta/calaoise a dhéanamh. Chuige sin, ní mór don phóilíneacht a bheith ullmhaithe agus feistithe go leordhóthanach chun freagairt don choiriúlacht a bhíonn ag athrú.
Sna comhthéacsanna sin, is gá dúinn tús áite a thabhairt do chur i bhfeidhm na teicneolaíochta éirithí. Ní mór dúinn a bheith soiléir agus réadúil maidir le cá háit agus cén dóigh a bhféadfadh teicneolaíocht éiritheach amhail intleacht shaorga dul chun tairbhe don phóilíneacht, in ionad í a ghlacadh díreach ar mhaithe lena glacadh.
Creidimid faoi láthair gur gá breithniú dírithe a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
Na príomhcheachtanna foghlama agus na príomheispéiris is féidir le hÉirinn a tharraingt as dlínsí póilíneachta eile a ghlac an teicneolaíocht go luath;
An bonneagar reachtaíochta agus beartais a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun tabhairt isteach na teicneolaíochta a éascú agus chun a húsáid a rialú;
An tsoiléire atá ann laistigh den Gharda Síochána agus a chuirtear in iúl don phobal maidir le cén uair agus conas a úsáidfear an teicneolaíocht agus cé na paraiméadair a n-úsáidfear an teicneolaíocht laistigh díobh;
An dóigh ar féidir an teicneolaíocht a úsáid chun cearta an duine a shuíomh agus chun seirbhís fheabhsaithe póilíneachta a sholáthar don phobal agus d’íospartaigh; agus,
An cumas laistigh den Gharda Síochána chun an teicneolaíocht a ghlacadh.
Sa chomhthéacs sin, agus Tosaíochtaí Póilíneachta reachtúla á leagan síos againn don tréimhse 2026-2028, táimid ag iarraidh go bhfoilseoidh an Garda Síochána creat soiléir, inrochtana agus trédhearcach ina leagfar amach na coimircí a úsáidfidh sé agus tabhairt isteach agus úsáid na teicneolaíochta éirithí á mbreithniú aige.
Leanfaidh sé seo de bheith ina réimse tosaíochta le haghaidh formhaoirsiúcháin sna blianta amach romhainn, agus fáiltímid roimh an deis é a phlé libh inniu.
