Fuarthas amach san athbhreithniú go ndearnadh dul chun cinn tábhachtach maidir le soláthar póilíneachta le linn na bliana 2025, ach tarraingítear aird ann ar dhúshláin maidir le hacmhainn fórsa saothair agus le bainistíocht feidhmíochta, agus ar Phlean Náisiúnta Leanaí agus Daoine Óga ón nGarda Síochána a bheith in easnamh.
D’fhoilsigh an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) inniu an Measúnú Bliantúil ar Fheidhmíocht Póilíneachta uaidh don bhliain 2025, rud ina dtugtar meastóireacht neamhspleách ar an soláthar seirbhísí póilíneachta ag an nGarda Síochána agus ar an dul chun cinn i gcomórtas le Plean Póilíneachta Bliantúil an Gharda Síochána, 2025, agus leis na Tosaíochtaí Póilíneachta don bhliain 2025.

Fuarthas amach sa mheasúnú gurb amhlaidh, de na 18 sprioc atá sa Phlean Póilíneachta Bliantúil, a tuairiscíodh go raibh deich gcinn “de réir sprice”, go raibh seacht gcinn “i mbaol” agus go raibh ceann amháin “ar shiúl ón sprioc”, agus é bainteach le rannpháirtíocht an phobail.
Aithnítear sa tuarascáil go ndearnadh dul chun cinn suntasach i roinnt réimsí, lena n-áirítear tacaíocht d’íospartaigh na coireachta, cur isteach ar líonraí coireachta eagraithe, rannpháirtíocht fheabhsaithe maidir le sábháilteacht an phobail, agus forbairt leantach ar shainchumais phóilíneachta.
Tarraingítear aird sa mheasúnú freisin ar dhúshláin atá ag cur isteach fós ar chumas an Gharda Síochána chun a chuspóirí straitéiseacha a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear brúnna maidir le soláthar foirne, moilleanna ar thionscnaimh pleanála fórsa saothair, córas éifeachtach bainistíochta feidhmíochta a bheith in easnamh, agus an gá le tuilleadh comhsheasmhachta i rannpháirtíocht an phobail agus i seirbhísí d’íospartaigh.
Tá an tuarascáil bunaithe ar anailís mhionsonraithe ar thuarascálacha feidhmíochta agus ar shonraí arna soláthar ag an nGarda Síochána, mar aon le caidreamh fairsing le pearsanra den Gharda Síochána agus le geallsealbhóirí seachtracha.
Príomhfhionnachtana:
- Tá rath leantach ann maidir le coireacht eagraithe a shainaithint agus le spriocdhíriú agus cur isteach uirthi, le tacaíocht ó chomhar láidir le Europol agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta forfheidhmithe dlí.
- Tá méadú tagtha ar infheictheacht phoiblí mar gheall ar Phatróil Ard-Infheictheachta i mBaile Átha Cliath, agus tá siad ag rannchuidiú le gníomhaíocht póilíneachta atá bunaithe ar fhaisnéis lena spriocdhírítear ar ghrúpaí coiriúla áitiúla.
- Níor baineadh amach sa bhliain 2025 an sprioc arb éard í Plean Náisiúnta Leanaí agus Daoine Óga a chur i gcrích.
- Tá laghdú suntasach tagtha ar bhuirgléireachtaí ón uair a tugadh Oibríocht Thor isteach i leith, ach tá méadú ag teacht go fóill ar ghadaíocht miondíola, go háirithe i mBaile Átha Cliath.
- Íospartaigh agus Daoine Soghonta: Is forbairtí tábhachtacha i dtacaíocht d’íospartaigh iad foilsiú na mbeartas agus na nósanna imeachta atá mar bhonn agus thaca ag an Acht um Cheartas Coiriúil (Íospartaigh na Coireachta), 2017, agus síniú an chomhaontaithe comhroinnte sonraí le Tusla.
- Tháinig méadú go 77% sa bhliain 2025 ar an ráta athghlao éigeantaigh ar ghlaonna a bhaineann le drochíde sa teaghlach, cé go bhfuil difríochtaí suntasacha ann fós idir rannáin an Gharda Síochána.
- Cé go ndearnadh dul chun cinn maidir le cumais chibearchoireachta a neartú, tá dúshláin ann fós maidir le freagairt d’éilliú, do chalaois agus do choireacht eacnamaíoch, agus bearnaí i soláthar foirne agus in acmhainniú ag cur isteach ar shainaonaid go fóill.
- Le fionnachtana Athbhreithniú Crowe ar Phóilíneacht Bóithre, tarraingíodh aird ar ábhair imní maidir le bainistíocht feidhmíochta, le maoirseacht agus le cuntasacht laistigh de chodanna den eagraíocht.
- Tá grinnfhiosrúchán inghairme agus tástáil mí-úsáide substaintí le cur chun feidhme go fóill.
- Tá príomhthionscnaimh fórsa saothair, lena n-áirítear Plean Straitéiseach Fórsa Saothair, Straitéis Oiliúna, agus Córas Faisnéise Acmhainní Daonna, le cur chun feidhme go fóill.
- Tá caidreamh láidir léirithe ag an nGarda Síochána le Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúla, rud ar thacaigh bunú oifige tacaíochta náisiúnta tiomnaithe leis.
Ag labhairt di faoin tuarascáil, dúirt Elaine Byrne, Cathaoirleach PCSA:
“Tugtar forbhreathnú neamhspleách trédhearcach sa mheasúnú seo ar an dóigh a bhfuil an Garda Síochána ag feidhmiú i gcomórtas lena ghealltanais faoin bPlean Póilíneachta Bliantúil agus faoi na Tosaíochtaí Póilíneachta.
Cé go dtarraingítear aird sa tuarascáil ar éachtaí suntasacha le linn na bliana 2025, go háirithe maidir le dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe, maidir le tacú le comhpháirtíochtaí sábháilteachta pobail, agus maidir le feabhas a chur ar sheirbhísí d’íospartaigh, sainaithnítear inti freisin roinnt réimsí ar gá díriú agus feabhas a chur orthu ar bhonn leantach.
Tá acmhainn fórsa saothair, sain-acmhainniú, bainistíocht feidhmíochta, agus rannpháirtíocht an phobail fós ina saincheisteanna ríthábhachtacha. Beidh sé riachtanach aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin chun a chinntiú gur féidir leis an nGarda Síochána leanúint de bheith ag freastal ar riachtanais athraitheacha an phobail maidir le póilíneacht agus le sábháilteacht pobail.”
