Fuarthas amach i measúnú a rinneadh ar fheidhmíocht póilíneachta an Gharda Síochána ar fud chéad leath na bliana 2025 gurbh amhlaidh, de na 18 sprioc, nár tuairiscíodh ach seacht gcinn a bheith ‘de réir sprice’, agus an 11 sprioc eile tuairiscithe a bheith ‘i mbaol’.
Aithníonn an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail go ndearnadh dul chun cinn i roinnt réimsí.
Tháinig Samhail Oibriúcháin an Gharda Síochána i mbun lánfheidhme i ngach ceann de 21 rannán an Gharda Síochána i gcéad leath na bliana 2025. Tugtar aitheantas dearfach do thosú na bpatról coise ard-infheictheachta i bpríomhlimistéir timpeall lár cathrach Bhaile Átha Cliath agus is rath suntasach póilíneachta é an méid mór comhair idirnáisiúnta atá déanta chun cur isteach ar choireacht eagraithe agus chun urghabhálacha drugaí agus arm a mhéadú.
Mar sin féin, tá réimsí ann a bhfuil gá le tuilleadh forbartha iontu chun na Tosaíochtaí Póilíneachta agus na gealltanais a tugadh sa Phlean Póilíneachta Bliantúil 2025 a chomhlíonadh go hiomlán.
Léirítear sa mheasúnú seo ábhair shuntasacha imní maidir le Gardaí agus baill foirne den Gharda Síochána a earcú agus a choinneáil, maidir le hacmhainní an Gharda Síochána a bhainistiú, maidir le moilleanna ar phríomhbheartais agus príomhstraitéisí a thabhairt isteach, agus maidir le saincheisteanna bainistíochta feidhmíochta.
Cliceáil anseo chun an tuarascáil iomlán a léamh
Tá an measúnú bunaithe ar raon leathan caidrimh le comhaltaí agus baill foirne an Gharda Síochána ag céimeanna éagsúla, agus le príomh-gheallsealbhóirí. Tá sé bunaithe freisin ar athbhreithnithe agus ar anailís ar thuairiscí feidhmíochta agus ar shonraí a fuarthas ón nGarda Síochána, rud lena dtugtar machnamh fianaisebhunaithe ar ghníomhaíochtaí póilíneachta agus ar thorthaí póilíneachta.
Príomhfhionnachtana:
- Tá Samhail Oibriúcháin an Gharda Síochána i mbun lánfheidhme anois i ngach ceann den 21 rannán. Is garsprioc shuntasach don Gharda Síochána í sin.
- Dúshlán suntasach fós is ea pearsanra a earcú agus a choinneáil, agus príomhstraitéisí agus príomhphleananna chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin (an Straitéis Earcaíochta agus Coinneála; an Plean Straitéiseach Fórsa Saothair; agus an Straitéis Oiliúna) gan a bheith curtha le chéile.
- Ní i bhfeidhm fós atá Córas Faisnéise Acmhainní Daonna chun acmhainn mhionsonraithe bainistíochta airgeadais agus acmhainní daonna a chumasú.
- Bhí roinnt dul chun cinn ann ar an bpróiseas earcaíochta a fheabhsú agus a bhrostú agus ar an éagsúlacht laistigh den eagraíocht a mhéadú.
- Seasann an ráta glao ar ais éigeantach do dhaoine a thuairiscigh mí-úsáid baile ag 77.2%. Ar an taobh dearfach de, tá an ráta foriomlán sin os cionn na sprice 60%, ach tá ábhair imní ann mar gheall ar neamhréireachtaí a bheith le fáil idir rannáin, agus rátaí faoi bhun na sprice á léiriú ag roinnt díobh.
- Tá méadú tagtha ar na rátaí taifeadta coireachta maidir le héigniú agus le hionsaí gnéasach (+8% go 863 chás thaifeadta sa chéad ráithe den bhliain 2025) agus maidir le cionta gnéasacha eile (+16% go 111 chás thaifeadta sa chéad ráithe den bhliain 2025), i gcomparáid leis an tréimhse chéanna den bhliain 2024. Is féidir leis sin a bheith ina léiriú ar fheasacht mhéadaithe, ar mhuinín mhéadaithe as tuairisciú, agus ar mheas méadaithe ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an nGarda Síochána sa réimse sin.
- Tá rath leantach ann maidir le coireacht eagraithe a shainaithint agus le spriocdhíriú agus cur isteach uirthi, agus méideanna móra drugaí, airgid thirim agus arm a bheith á n-urghabháil.
- Cé gur chuir an Garda Síochána feabhas ar a acmhainn agus a inniúlacht i réimse na cibearchoireachta, tá dúshláin roimhe fós ina iarrachtaí coinneáil suas leis an bhfás seasta sa chineál sin coireachta.
- Níl córas bainistíochta feidhmíochta éifeachtach i bhfeidhm ag an nGarda Síochána fós d’aon duine dá phearsanra, bíodh comhaltaí den Gharda Síochána nó baill foirne den Gharda Síochána iontu.
- Ní dhearnadh aon dul chun cinn suntasach ar ghrinnfhiosrúchán inghairme agus tástáil randamaithe drugaí inghairme a thabhairt isteach.
Ag labhairt di faoin tuarascáil, dúirt Helen Hall, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail:
“Is é atá sa mheasúnú seo ar fheidhmíocht póilíneachta ná bealach amháin ar a gcuirimid in iúl don phobal conas atá an Garda Síochána ag feidhmiú i gcomparáid le gealltanais Choimisinéir an Gharda Síochána ina Phlean Póilíneachta bliantúil.
“Mar is féidir a fheiceáil sa tuarascáil, baineadh éachtaí suntasacha amach i gcéad leath na bliana 2025, amhail samhail oibriúcháin an Gharda Síochána a chur i bhfeidhm ar fud rannáin uile an Gharda Síochána agus, rud atá níos follasaí don phobal i mBaile Átha Cliath, is dócha, cuireadh patróil ard-infheictheachta i bhfeidhm.
“Mar sin féin, tá imní orainn fós faoin bhfíric nach bhfuil aon chóras bainistíochta feidhmíochta éifeachtach ann do Ghardaí agus do bhaill foirne den Gharda Síochána agus go ndearnadh beagán dul chun cinn ar ghrinnfhiosrúchán inghairme agus tástáil drugaí inghairme a thabhairt isteach. Tá imní orainn freisin faoi acmhainn na heagraíochta chun aghaidh a thabhairt ar chásanna cibearchoireachta, a bhíonn ag méadú i gcónaí. Tá imní orainn go háirithe faoi na ráitis a thug a lán Gardaí, atá den tuairim nach bhfuil an oiliúint ábhartha acu chun déileáil i gceart le cásanna den sórt sin.
“Cé go n-aithnímid na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an nGarda Síochána chun teagmháil a dhéanamh laistigh den tréimhse riachtanach seacht lá le daoine a thuairiscigh mí-úsáid baile, tá imní orainn faoi na neamhréireachtaí atá ann ar fud na rannán, agus athdhearbhaímid an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar cháilíocht na nglaonna ar ais sin.”
Tá an mheastóireacht bunaithe ar chreat formhaoirseachta reachtúil an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, a chuimsíonn na Tosaíochtaí Póilíneachta, Ráiteas Straitéise an Gharda Síochána, agus an Plean Póilíneachta bliantúil.
Ag féachaint chun cinn, beidh an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail ag déanamh plé ar iompar agus araíonacht sa tseirbhís agus ar ghléasanna taser a chur ar fáil do Ghardaí túslíne ag a chruinniú míosúil atá le teacht le Coimisinéir an Gharda Síochána agus le comhghleacaithe sinsearacha Déardaoin an 18 Nollaig.
