Leanann an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail d’imeachtaí comhairliúcháin i gCluain Meala agus i dTulach Mhór

21 May 2025

Women standing in front of a purple sign holding a bannerLean an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) dá chomhairliúcháin phearsanta ar na Tosaíochtaí Póilíneachta don tréimhse 2026–2028 trí imeachtaí a raibh freastal maith orthu a chur ar siúl i gCora Droma Rúisc, i gCluain Meala agus i dTulach Mhór sa mhí atá imithe thart.

I gCluain Meala an tseachtain seo caite, agus níos déanaí fós i dTulach Mhór, chualamar ó raon leathan daoine sa phobal ar shaincheisteanna tábhachtacha amhail infheictheacht na nGardaí, cosc na coireachta, an dochar a bhaineann le drugaí, agus an foréigean inscnebhunaithe.

PCSA Chief Executive Helen Hall standing at a podium addressing a room full of people at tables

Maidir leis na léargais a cuireadh in iúl, bhí siad machnamhach agus bunaithe ar thaithí fíorshaoil na ndaoine a chónaíonn agus a oibríonn sna pobail sin.

Tá ról ag gach rannchuidiú i múnlú a dhéanamh ar an dóigh ar féidir le seirbhísí póilíneachta freastal níos fearr ar riachtanais an phobail.

Cuirfear an comhairliúchán pearsanta deiridh ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Luain an 26 Bealtaine in Óstán Ashling.

Táimid ag breathnú ar aghaidh freisin ar an gcéad chruinniú Údaráis poiblí de chuid PCSA, a chuirfear ar siúl Déardaoin an 29 Bealtaine.

Déanfar sruthú beo ar an imeacht in Óstán Gresham i mBaile Átha Cliath ar ár gcainéal ar YouTube agus beidh daoine den phobal in ann freastal air. Cuirfear ticéid ar fáil níos déanaí an tseachtain seo.

Beidh an comhairliúchán ar líne ar oscailt go dtí an 8 Meitheamh agus ní thógfaidh sé ach dornán nóiméad chun é a chomhlánú. Cuir do thuairimí in iúl inniu ag https://pcsa.prioritysimulator.com.