Measúnú ar Fheidhmíocht na Póilíneachta le linn 2024

23 June 2025

Fuarthas amach i measúnú a rinneadh ar fheidhmíocht póilíneachta an Gharda Síochána ar fud na bliana 2024 gurbh amhlaidh, de na 18 sprioc, nár baineadh ach ceithre cinn amach go hiomlán, a baineadh naoi gcinn amach go páirteach agus nár baineadh cúig cinn amach in aon chor.

Léirítear ann ábhair shuntasacha imní maidir le Gardaí agus baill foirne den Gharda Síochána a earcú agus a choinneáil, maidir le córais TFC, maidir le saincheisteanna bainistíochta feidhmíochta agus maidir le mealltóireacht leanaí isteach i ndronga coiriúla.

Ba é an tÚdarás Póilíneachta a rinne an measúnú agus ba é an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA), a chomharba, a d’fhoilsigh é inniu.

Luaitear ann gur rannchuidigh tosca éagsúla leis na torthaí sin. Áiríodh leo sin acmhainní neamh-leordhóthanacha, dúshláin acmhainne TFC, uainiú forbairtí tábhachtacha reachtacha agus riachtanais oiliúna.

Aithníonn PCSA go ndearnadh dul chun cinn i roinnt réimsí, go háirithe sa phóilíneacht oird phoiblí agus sa phóilíneacht coireachta eagraithe, agus tarraingíonn sé aird ar iarrachtaí leanúnacha an Gharda Síochána ar fud na bliana.

Mar sin féin, tá réimsí ann a bhfuil gá le tuilleadh forbartha iontu chun tosaíochtaí póilíneachta a chomhlíonadh go hiomlán. 

Príomhfhionnachtana:

  • Is dúshláin mhóra fós iad earcaíocht agus coinneáil foirne, agus tá obair ar siúl i dtreo plean straitéiseach fadtéarmach fórsa saothair a ullmhú.
  • Níl córais TFC an Gharda Síochána i gcómhaith leis na córais atá i bhfeidhm ag eagraíochtaí a bhfuil méid chosúil iontu agus a chlúdaíonn achar geografach cosúil.
  • Rinneadh dul chun cinn maidir le póilíneacht oird phoiblí, agus táthar ag leanúint leis na moltaí atá ann cheana a chur chun feidhme.
  • Rannchuidigh cur i bhfeidhm leantach na Samhla Póilíneachta Bóithre 30 Nóiméad le rátaí braite a mhéadú i gcás cionta ‘Tarrthála Beatha’ agus le hinfheictheacht fheabhsaithe túslíne.
  • Táthar ag leanúint le rath straitéiseach agus oibríochtúil a bhaint amach maidir leis an gcoireacht eagraithe agus thromchúiseach, agus díriú leanúnach á leagan ar aghaidh a thabhairt ar imeaglú a bhaineann le drugaí agus ar ábhair imní cosanta leanaí.
  • Rannchuidigh an Creat Measúnaithe Feidhmíochta go dearfach lena chomhsheasmhaí atá bainistíocht teagmhas agus rialachais ar an leibhéal rannáin, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal bainistíochta.

 

Ag labhairt di faoin tuarascáil, dúirt Elaine Byrne, Cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail: “Aithníonn PCSA an dul chun cinn a rinne an Garda Síochána i réimsí tábhachtacha le linn na bliana 2024 agus an tiomantas a léirigh na comhaltaí agus na baill foirne. Ag an am céanna, léirítear sa tuarascáil castacht na póilíneachta nua-aimseartha agus an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbíonn na tacaíochtaí cearta, bíodh siad sa soláthar foirne, sa teicneolaíocht nó san oiliúint, i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais an phobail.”

Tá an mheastóireacht bunaithe ar chreat formhaoirseachta reachtúil PCSA, a chuimsíonn na Tosaíochtaí Póilíneachta, Ráiteas Straitéise an Gharda Síochána, agus an Plean Póilíneachta bliantúil.

Tá an measúnú feidhmíochta póilíneachta bunaithe ar chaidreamh a rinneadh leis an nGarda Síochána agus le raon geallsealbhóirí ar fud na bliana 2024. Léirítear ann sonraí agus tuarascálacha feidhmíochta a cuireadh ar fáil ar fud na bliana, a chumasaigh machnamh fianaisebhunaithe ar ghníomhaíochtaí póilíneachta agus ar thorthaí póilíneachta.

Ag féachaint chun cinn dúinn, beidh PCSA ag plé na feidhmíochta póilíneachta le linn a chruinnithe le Drew Harris, Coimisinéir an Gharda Síochána, Déardaoin an 26 Meitheamh, mar chuid dá obair leanúnach chun trédhearcacht, cuntasacht agus póilíneacht éifeachtach a chur chun cinn trí fhormhaoirseacht neamhspleách.