D’óstáil an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) imeacht ‘The Conversation’ ag Ionad Ché an Adhmaid i mBaile Átha Cliath chun aird a tharraingt ar na Tosaíochtaí Póilíneachta a shocraigh PCSA don Gharda Síochána don tréimhse 2026-28.
Bhí an t-imeacht ina dheis do PCSA athcheangal a dhéanamh leo siúd a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin, agus é ag tabhairt breac-chuntas ar phríomhchuspóirí agus príomhthéamaí na dTosaíochtaí, agus ag leagan amach conas atá sé beartaithe ag PCSA an dul chun cinn ina leith a thomhas.
I measc na gcainteoirí bhí Séamus Ó Ceallacháin, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Justin Kelly, Coimisinéir an Gharda, Elaine Byrne, Cathaoirleach PCSA, agus Helen Hall, Príomhfheidhmeannach PCSA.

Tháinig na Tosaíochtaí chun cinn tar éis mórfheachtas comhairliúcháin phoiblí a rinne PCSA.
Ar fud an fheachtais sé seachtaine, chuala PCSA ó na mílte daoine den phobal, ó na céadta gardaí agus ó na scórtha eagraíochtaí pobail ó áiteanna ar fud na hÉireann.
Mar chuid de ról PCSA maidir le feidhmíocht an Gharda Síochána a fhormhaoirsiú agus a mheasúnú, tá feidhm reachtúil aige chun na Tosaíochtaí Póilíneachta a chinneadh.
Is é atá sna Tosaíochtaí, atá socraithe don tréimhse 2026-2028, ná na réimsí ar cheart don Gharda Síochána an aird is mó a thabhairt orthu chun na seirbhísí póilíneachta a chuirtear ar fáil do phobail a fheabhsú agus chun a sábháilteacht a chinntiú.

Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh PCSA a thuarascáil ar thorthaí ar an gcomhairliúchán poiblí ar na Tosaíochtaí Póilíneachta 2026-28
Leagtar amach inti an chaoi a raibh caidreamh fairsing leis an bpobal, le geallsealbhóirí agus leis an nGarda Síochána mar bhonn eolais faoi na Tosaíochtaí.
