Scríobh Elaine Byrne, Cathaoirleach an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail, alt tuairimíochta san Irish Times inar phléigh sí Tuarascáil Crowe agus na dúshláin atá os comhair Justin Kelly, Coimisinéir nua an Gharda Síochána.

“Agus Justin Kelly ag tosú sa ról mar Choimisinéir an Gharda Síochána inniu, caithfidh sé bheith san airdeall ar dhúshláin shíorathraitheacha na póilíneachta nua-aimseartha agus freagairt dóibh sin, agus é i gcónaí ar a aire ar na fadhbanna inmheánacha agus ar roinnt de na saincheisteanna atá ag cur bac ar an nGarda Síochána le fada an lá.”

Léigh an t-alt iomlán anseo.