Ba í an bhliain 2025 tús ré nua i bhformhaoirsiú póilíneachta in Éirinn. I mí Aibreáin, bunaíodh an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail tríd an iar-Údarás Póilíneachta agus iar-Chigireacht an Gharda Síochána a thabhairt le chéile san aon chomhlacht amháin a bhfuil Sábháilteacht Pobail mar fheidhm bhreise aige.
Áiríodh iad seo a leanas leis na príomhghníomhaíochtaí sa bhliain 2025:
- Bunú an Údaráis nua i mí Aibreáin
- 8 gcruinniú de chuid an Údaráis le Coimisinéir an Gharda
- 3,794 fhreagra a fuarthas tríd an gcomhchomhairliúchán poiblí ar Thosaíochtaí Póilíneachta
- Breis agus 50 cuairt ar stáisiúin de chuid an Gharda Síochána agus ar aonaid speisialaithe ar fud na tíre
- Forbairt creataí nua cigireachta agus measúnaithe feidhmíochta
Físeán ar an tSúil Siar ar an mBliain
Grafaic de Bhuaicphointí 2025

