Féach: Buaileann Coimisinéir na nGardaí le PCSA go poiblí i Loch Garman

3 December 2025
Comhaltaí an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail agus iad ag bualadh leis an nGarda Síochána le linn chruinniú an Údaráis in Óstán Talbot, Loch Garman, tráthnóna Déardaoin. Grianghraf: Jim Campbell

Bhuail Justin Kelly, Coimisinéir an Gharda Síochána, agus oifigigh shinsearacha le comhaltaí an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail go poiblí in Óstán Talbot Déardaoin an 27 Samhain.

Ar na míreanna ar an gclár oibre bhí soláthar seirbhísí póilíneachta i Rannán Loch Garman/Chill Mhantáin, sábháilteacht phobail agus obair chomhpháirtíochta, agus freagairtí an Gharda Síochána d’fhoréigean baile, gnéasach agus inscnebhunaithe.

Bhí Gráinne Berrill, Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, i láthair freisin agus chuir an tÚdarás ceisteanna uirthi.

Cliceáil anseo chun amharc ar an gcruinniú.

Tá na cruinnithe sin ina ngné ríthábhachtach de chaidreamh an Údaráis le Coimisinéir an Gharda Síochána agus clúdaítear leo ábhair éagsúla a bhaineann le feidhmíocht póilíneachta.

Bhí an cruinniú i Loch Garman ina dheis díriú ar na saincheisteanna póilíneachta is tábhachtaí don phobal áitiúil.

Gráinne Berrill (Stiúrthóir, an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail) agus í ag labhairt le comhaltaí an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail le linn chruinniú an Údaráis in Óstán Talbot, Loch Garman, tráthnóna Déardaoin. Grianghraf: Jim Campbell

Mar chuid dár gcomhairliúcháin i Loch Garman, thionóil an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail cruinnithe le gardaí áitiúla agus bhuail siad le raon leathan ionadaithe pobail freisin.

Beidh ár gcéad chruinniú poiblí eile le Coimisinéir an Gharda Síochána ar siúl i mí Feabhra 2026, agus is féidir amharc air trí beoshruth ar ár gcainéal ar YouTube agus ar ár suíomh Gréasáin.

Cruinniú an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail le gardaí áitiúla i Loch Garman