Tá PCSA le bualadh le Coimisinéir an Gharda go Príobháideach

16 February 2026

Buailfidh PCSA le Coimisinéir an Gharda go príobháideach Déardaoin an 29 Eanáir 2026.

Áirítear iad seo a leanas leis na míreanna atá ar an gclár oibre:

-Ráiteas Straitéise an Gharda Síochána 2026-2028 agus a Phlean Seirbhíse Bliantúil 2026

-Rátaí braite coireanna agus na tosca a mbíonn tionchar acu orthu

-Formhaoirsiú leanúnach ar imscrúduithe dúnmharaithe

-Príomhghnó póilíneachta agus cé na tosca a bhrúnn an t-éileamh ar sheirbhísí chun cinn

Beidh ár gcéad chruinniú poiblí eile ar siúl an 26 Feabhra. Beidh ticéid don imeacht sin ar fáil in am trátha.