Tarraingíonn PCSA freagairtí meabhairshláinte agus coireacht drugaí anuas le Coimisinéir an Gharda

30 October 2026

 

Chuir an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) an cruinniú poiblí is déanaí dá chuid le Justin Kelly, Coimisinéir an Gharda, ar siúl in Breifne College i gCo. an Chabháin.

I dtús an chruinnithe, rinneadh plé ar chúrsaí póilíneachta áitiúla sa Chabhán agus sna ceantair máguaird.

Members of the Policing and Community Safety Authority sit around a conference table during a public meeting, with microphones, tablets and nameplates visible. Purple PCSA branding is displayed prominently in the background as participants engage in discussion.

I measc na dtopaicí a pléadh sa réimse sin bhí an fhreagairt póilíneachta do ghéarchéimeanna meabhairshláinte, an bonneagar sábháilteachta pobail sa chontae, agus comhar trasteorann le Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann agus le gníomhaireachtaí eile.

Ansin, cuireadh ceisteanna ar an gCoimisinéir agus ar a oifigigh faoi thopaic na leanaí atá ar iarraidh ó chúram, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine.

 

Senior garda officers seated at a conference table during a public meeting, with microphones, documents and water bottles in front of them. Three uniformed officials are visible, with one in sharp focus in the foreground and the others blurred in the background against a purple backdrop.

Ag deireadh an chruinnithe, cuireadh ceisteanna faoin gcoireacht a bhaineann le drugaí agus faoin imeaglú a bhaineann le drugaí, sa Chabhán agus ar fud na tíre araon.

Roimh an gcruinniú, chuaigh comhaltaí agus baill foirne de chuid an Údaráis i dteagmháil le grúpaí pobail áitiúla agus le gardaí áitiúla chun éisteacht le heispéiris phearsanta leis an bpóilíneacht agus leis an tsábháilteacht pobail ar fud an chontae.

Tionólfar an chéad chruinniú eile de chuid PCSA i mBaile Átha Cliath Déardaoin an 26 Samhain.

Tá an cruinniú ar fáil le hamharc air ag barr an leathanaigh seo agus ar ár gcainéal ar YouTube.