Ticéid le haghaidh an chéad chruinnithe phoiblí de chuid an Údaráis Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail

23 May 2025

Cuirfidh an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail an chéad chruinniú Údaráis poiblí dá chuid le Coimisinéir an Gharda Síochána agus le hoifigigh shinsearacha ar siúl Déardaoin an 29 Bealtaine.

I measc na míreanna atá le tarraingt anuas ag an gcruinniú sa Hotel Riu Plaza The Gresham beidh cosaint leanaí, mar aon le hiompar agus araíonacht laistigh den Gharda Síochána.

Cliceáil anseo chun an clár oibre iomlán a fháil.

Tá an t-imeacht ar oscailt don phobal ach ní mór do dhaoine ticéid a chur in áirithe roimh ré.

Cliceáil anseo chun do thicéad a chur in áirithe.

Déanfar sruthú beo ar an gcruinniú ar ár gcainéal ar YouTube freisin agus beidh sé ar fáil anseo ar ár suíomh Gréasáin.

Bhuail an tÚdarás leis an gCoimisinéir agus le hoifigigh shinsearacha go príobháideach an mhí seo caite.