Tosaíochtaí Póilíneachta 2026-2028

19 February 2026
CEO of PCSA Helen Hall, Minister for Justice, Home Affairs and Migration Jim O'Callaghan, and PCSA Chairperson Elaine Byrne standing together holding the Policing Priorities.
CEO of PCSA Helen Hall, Minister for Justice, Home Affairs and Migration Jim O’Callaghan, and PCSA Chairperson Elaine Byrne standing together holding the recently published Policing Priorities.

Tá áthas ar an Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) na Tosaíochtaí Póilíneachta le haghaidh an Gharda Síochána don tréimhse 2026-2028 a fhoilsiú.

Is iad seo na trí Thosaíocht:

Obair i gComhpháirt chun Freastal ar Riachtanais an Phobail;

Seirbhís Chomhsheasmhach Thacúil Ardchaighdeáin a Sholáthar; agus,

Acmhainní Túslíne a Chumasú.

Policing Priorities 2026-2028_Gaeilge

A screenshot of the purple cover of a publication entitled Policing Priorities for An Garda Síochána 2026 to 2028

Leis na Tosaíochtaí seo, leagtar síos cé na nithe ar cheart don Gharda Síochána an aird is mó a thabhairt orthu chun na seirbhísí póilíneachta a chuirtear ar fáil do phobail a fheabhsú agus chun a sábháilteacht a chinntiú. Is ann do phríomhréimsí sonracha dírithe agus do phríomhghníomhartha sonracha faoi gach ceann de na trí Thosaíocht, ina leagtar amach cén chuma a bheidh ar rath don Gharda Síochána chun torthaí a bhaint amach i gcomparáid leo.

Áirítear leis sin príomhfhorbairtí agus príomhfheabhsuithe i réimsí ar a nós seo a leanas:

Póilíneacht Pobail, agus acmhainní a chur ar fáil d’Aonaid Rialta chun feabhas a chur ar sheirbhísí agus ar infheictheacht;

Freagairt, i gcomhar le comhpháirtithe, do ghéarchéimeanna meabhairshláinte, d’imeaglú a bhaineann le drugaí, agus do shaincheisteanna eile sábháilteachta pobail;

A chinntiú go leagtar díriú ar na seirbhísí póilíneachta a sholáthraítear d’íospartaigh, do leanaí agus do phobail a bhfuil leochaileacht mhéadaithe acu, agus ar chaidreamh a dhéanamh leo; agus,

An córas agus na struchtúir atá i bhfeidhm chun tacú le fórsa saothair an Gharda Síochána seirbhísí póilíneachta a sholáthar go héifeachtach do phobail agus chun a chur ar a chumas déanamh amhlaidh.

Leag PCSA, mar chomhlacht formhaoirsiúcháin neamhspleách, na Tosaíochtaí seo agus na réimsí sonracha le haghaidh feabhais síos, tar éis gníomhaíocht shuntasach rannpháirtíochta sa bhliain 2025.

I gcomhréir leis an reachtaíocht, cuireadh faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce iad ansin lena cheadú a fháil agus tugadh do Choimisinéir an Gharda iad. Ceanglaítear ar an gCoimisinéir a chinntiú go bhfuil Plean Straitéiseach an Gharda Síochána 2026-2028 agus na Pleananna Seirbhíse Bliantúla thar an tréimhse ag teacht leis na Tosaíochtaí seo.

Ag labhairt di faoi sheoladh na dTosaíochtaí, dúirt Helen Hall, Príomhfheidhmeannach PCSA:

“Is é atá i seoladh na dTosaíochtaí Póilíneachta reachtúla seo ná garsprioc thábhachtach chun soiléire agus díriú a sholáthar ar na réimsí póilíneachta ar gá don Gharda Síochána díriú orthu sna trí bliana atá romhainn. Sin iad freisin na príomhréimsí a ndíreofar ár ngníomhaíocht formhaoirsiúcháin orthu, chun an dul chun cinn a bheidh déanta ag an nGarda Síochána a mheas.

Bhí barúlacha agus tuairimí na ndaoine a sholáthraíonn agus a fhaigheann seirbhísí póilíneachta ina gcuid ríthábhachtach de na Tosaíochtaí seo a fhorbairt. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil arís leis na 4,000 duine, beagnach, a ghlac páirt sa suirbhé ar líne i mí na Bealtaine agus mí an Mheithimh 2025. Ba mhaith linn freisin buíochas ar leith a ghabháil leis na céadta daoine, idir bhaill foirne de chuid an Gharda Síochána, ionadaithe pobail, agus dhaoine eile, a thug a gcuid ama chun bualadh linn go pearsanta agus labhairt linn faoi conas feabhas a chur ar na seirbhísí póilíneachta a sholáthraítear do gach pobal. Bhí bhur gcuid moltaí agus léargas thar a bheith luachmhar agus muid ag forbairt na dTosaíochtaí críochnaitheacha.

Táimid ag súil le caidreamh a dhéanamh ar an gcaoi chéanna le raon leathan geallsealbhóirí agus muid ag déanamh formhaoirsiú agus measúnú ar an dul chun cinn i gcomparáid leis na Tosaíochtaí.”

Dúirt an tAire Jim O’Callaghan, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce:

“Tá córas ceartais atá nua-aimseartha, éifeachtúil agus trédhearcach á thógáil agam. Léirítear é sin sa chóras formhaoirsiúcháin agus rialachais a thug mé isteach le tosach feidhme an Achta um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024, i mí Aibreáin anuraidh.”

 

 

Conas a d’Fhorbraíomar na Tosaíochtaí seo

Soláthraíonn an Garda Síochána raon leathan seirbhísí don phobal, agus tá éilimh mhóra ann ar an eagraíocht. Ní féidir le gach rud a bheith ina thosaíocht, áfach, agus socraíodh na Tosaíochtaí seo i gcomhthéacs na nithe seo a leanas:

Na hacmhainní atá ar fáil don Gharda Síochána faoi láthair – lena n-áirítear comhaltaí agus baill foirne, airgeadas, agus teicneolaíocht, etc.;

An t-éileamh ollmhór póilíneachta a bheidh ar Éirinn nuair a bheidh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aici sa bhliain 2026; agus,

An mhórthimpeallacht shochpholaitiúil agus eacnamaíoch.

Dá bhrí sin, b’eol do PCSA agus na Tosaíochtaí á bhforbairt aige go mbeadh roghanna deacra le déanamh. Bhíomar ag iarraidh, mar sin, cloisteáil go díreach ó phobail agus ó phearsana atá ag obair sa Gharda Síochána chun a fháil amach cé na nithe is mó ar mhaith leo go gcuirfí ar áireamh iad. Chun an méid sin a dhéanamh:

Reáchtálamar comhairliúchán poiblí ar líne a fuair 3,794 fhreagra;

Bhuaileamar le breis agus 400 ball foirne ar seirbhís de chuid an Gharda Síochána ar fud gach contae;

Rinneamar caidreamh le saineolaithe agus le hacadóirí atá ag obair i réimse na póilíneachta agus na sábháilteachta pobail; agus,

Chuireamar ceithre imeacht réigiúnacha ar siúl chun éisteacht go díreach le thart ar 100 grúpa geallsealbhóirí pobail.

Bhreithníomar an t-aiseolas fairsing ó na himeachtaí caidrimh sin, mar aon le faisnéis a bailíodh ón méid seo a leanas a dhéanamh: tosaíochtaí cosúla ó thíortha eile a bhreithniú; feidhmíocht an Gharda Síochána sna blianta beaga atá imithe thart a athbhreithniú; agus gníomhaíochtaí éagsúla eile a dhéanamh.

De bharr an phróisis sin, tá an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail muiníneach go sainaithnítear sna Tosaíochtaí sin na príomhréimsí lena bhfeabhsú chun an méid seo a leanas a chinntiú:

Go gcuirfear feabhas ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil do phobail sna háiteanna is mó a bhfuil feabhsuithe ag teastáil iontu;

Go gcuirfear ar chumas phearsana an Gharda Síochána an tseirbhís sin a sholáthar chomh maith agus is féidir leo; agus,

Go mbeidh siad réadúil agus indéanta freisin de réir na n-acmhainní atá ar fáil don Gharda Síochána.

Déanfaidh PCSA formhaoirsiú agus measúnú ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag an nGarda Síochána ar na Tosaíochtaí seo a bhaint amach sna blianta atá romhainn.