Chuir an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) fáilte roimh cheannairí pobail ón iarthuaisceart go Cora Droma Rúisc don chéad chomhairliúchán i bpearsa maidir leis na Tosaíochtaí Póilíneachta don tréimhse 2026-28.
Lá tábhachtach sa phróiseas rannpháirtíochta poiblí a bhí san imeacht a cuireadh ar siúl san Óstán Landmark, agus dearbhaíodh arís eile lena linn an tábhacht a bhaineann le cluinstin go díreach ó phobail.
Bhí na dearcthaí a comhroinneadh machnamhach agus ina léiriú ar na gnáthrudaí a ndéileálann daoine leo gach lá. Idir shábháilteacht pobail, dhrugaí, fhoréigean inscnebhunaithe, shábháilteacht ar bhóithre agus infheictheacht gardaí, chuir gach rannchuidiú breisluach leis an gcomhrá.
Táimid ag tnúth leis an gcéad chomhairliúchán eile i bpearsa a bheidh ar siúl i gCluain Meala Dé Céadaoin, an 14 Bealtaine, áit a ndéanfaimid caidreamh le pobail ón deisceart.
Trí na comhairliúcháin sin, beimid in ann leanúint le plé fiúntach a dhéanamh agus le cluinstin ó raon leathan daoine.
Molaimid duit do thuairimí a chomhroinnt linn trínár gcomhairliúchán ar líne. Beidh ár gcomhairliúchán ar líne ar oscailt go dtí an 8 Meitheamh agus ní thógfaidh sé ach cúpla nóiméad ort chun páirt a ghlacadh ann: https://pcsa.prioritysimulator.com/.
Cabhróidh gach freagra le cur chuige níos fearr agus níos cuimsithí a cheapadh i leith seirbhísí póilíneachta in Éirinn.
Thug Helen Hall, Príomhfheidhmeannach PCSA, faisnéis níos mine faoin bpróiseas comhairliúcháin le linn sraith agallamh leis na meáin.
Is féidir leat na hagallaimh sin a fháil anseo:
RTÉ Drivetime, Dé Céadaoin, an 7 Bealtaine
Highland Radio, Déardaoin, an 8 Bealtaine
Ba mhaith le PCSA buíochas a ghabháil le gach duine a thóg an t-am chun páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán i gCora Droma Rúisc.
Tá todhchaí na dtosaíochtaí póilíneachta á múnlú ag an ionchur sin cheana féin, agus táimid ag tnúth le cluinstin ó thuilleadh daoine ar fud na tíre sna seachtainí atá le teacht.