Osclaíonn an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail comhairliúchán poiblí chun Tosaíochtaí Póilíneachta le haghaidh an Gharda Síochána a chinneadh
29 Aibreán 2025: Sheol an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) inniu a chomhairliúchán poiblí ar na Tosaíochtaí Póilíneachta le haghaidh an Gharda Síochána don tréimhse 2026-2028. Tá an seoladh ag tarlú i gcomhthráth leis an gcéad chruinniú de chuid an Údaráis ó bunaíodh PCSA an 02 Aibreán 2025 i leith. Tá clár oibre an chruinnithe ar fáil anseo.
Tá deis ar leith ag daoine den phobal, ag eagraíochtaí pobail agus ag pearsanra an Gharda Síochána a dtuairimí a chur in iúl ar cé na seirbhísí póilíneachta ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh sa tír seo. Beidh an comhairliúchán (atá ar fáil ag www.PCSAIreland.ie) ar siúl ón 29 Aibreán go dtí an 08 Meitheamh 2025 agus tá sé ar oscailt do gach duine in Éirinn atá os cionn 16 bliana d’aois.
A bhuí leis an uirlis ar líne atá áisiúil don úsáideoir, is féidir leat ‘pointí’ a leithdháileadh ar na réimsí póilíneachta a mheasann tú a bheith ina dtosaíocht, agus tógfaidh sé thart ar 10 nóiméad ort chun an comhairliúchán a chomhlánú.
Ag an gcéad chruinniú dá chuid inniu, buailfidh an tÚdarás go príobháideach le Coimisinéir an Gharda Síochána chun forbairt na dTosaíochtaí Póilíneachta, Plean Seirbhíse Bliantúil an Gharda Síochána agus cosaint leanaí sa stát, i measc rudaí eile, a phlé. Tar éis an chruinnithe leis an gCoimisinéir, buailfidh comhaltaí an Údaráis le Séamus Ó Ceallacháin TD, an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce.
Buailfidh an tÚdarás le Coimisinéir an Gharda Síochána gach mí chun feidhmíocht póilíneachta agus nithe sábháilteachta pobail a phlé. Ceithre huaire in aghaidh na bliana ar a laghad, cuirfear na cruinnithe sin ar siúl go poiblí agus déanfar sruthú beo orthu agus beidh siad ar fáil lena gcraoladh ag na meáin chumarsáide. Cuirfear an chéad chruinniú poiblí ar siúl Déardaoin an 29 Bealtaine.
Ag labhairt di ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht an phobail i mbunú na dTosaíochtaí Póilíneachta, dúirt Elaine Byrne BL, Cathaoirleach PCSA:
“Gné thábhachtach d’obair PCSA is ea tosaíochtaí Póilíneachta le haghaidh an Gharda Síochána a chinneadh. Leis na Tosaíochtaí Póilíneachta, a luaithe a chinntear iad, soláthrófar soiléire ar na príomhréimsí a dteastaíonn aird ar leith orthu chun feabhas a chur ar sheirbhísí póilíneachta don phobal. Leagfar béim iontu freisin ar na réimsí a ndíreofar formhaoirseacht PCSA orthu agus socrófar leo an comhthéacs le haghaidh na forbartha a dhéanfaidh an Coimisinéir ar Phlean Straitéiseach agus Plean Seirbhíse Bliantúil an Gharda Síochána.
“Tá an Comhairliúchán Poiblí seo ina dheis iontach do dhaoine a dtuairimí a chur in iúl ar na réimsí ar cheart don Gharda Síochána tosaíocht a thabhairt dóibh, dar leo. Tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag pobail agus ag daoine aonair ionchur a bheith acu i bhforbairt na dtosaíochtaí. Is é an toradh a bheidh ar thuairimí agus dearcthaí níos mó daoine a chur san áireamh ná go gcabhrófar go mór lena chinneadh cén cineál póilíneachta a sholáthraíonn braistint sábháilteachta agus slándála sa phobal ar an mbealach is fearr.”
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi PCSA, féach www.pcsaireland.ie
*CRÍOCH**
Teagmhálaí:
Glenn Mason, Preasoifigeach – an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail. Ríomhphost: pressoffice@PCSAIreland.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
Maidir leis an Údarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail
Rinneadh an tÚdarás Póilíneachta agus Sábháilteachta Pobail (PCSA) – an comhlacht formhaoirseachta nua don Gharda Síochána – a bhunú go foirmiúil an 2 Aibreán 2025, ag teacht sna sála ar thosach feidhme an Achta um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail, 2024. Tá sé mar ról ag PCSA formhaoirseacht agus measúnú a dhéanamh, ar bhealach neamhspleách trédhearcach, ar fheidhmíocht an Gharda Síochána i dtaca le seirbhísí póilíneachta.
Is é PCSA an eagraíocht chomharba ar an Údarás Póilíneachta agus ar Chigireacht an Gharda Síochána, agus é ag tógáil fhormhór na bhfeidhmeanna a bhí acu cheana air féin. Tá feidhm bhreise ag PCSA i réimse na sábháilteachta pobail agus beidh príomhról aige ina chinntiú nach é amháin go mbíonn muintir na hÉireann sábháilte ach go mothaíonn siad go mbíonn siad sábháilte freisin ó lá go lá laistigh dá bpobail áitiúla.
Le PCSA tairgtear an deis formhaoirseacht neamhspleách póilíneachta a athshlamhlú agus comhlacht neamhspleách láidir a bhunú a bheidh dírithe ar fheabhas a chur ar thorthaí i réimse na póilíneachta agus i réimse na sábháilteachta pobail, agus seirbhís póilíneachta atá éifeachtach agus a bhfuil iontaoibh inti á soláthar do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do phobail ar fud na hÉireann.
Cuirfear an chéad chruinniú poiblí de chuid PCSA ar siúl an 29 Bealtaine 2025. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin eagraíocht nua a aimsiú ar www.PCSAIreland.ie, ar Bluesky, ar LinkedIn agus ar X.